Focla Oirthear Uladh i nGaedhilg Thoraighe
Bhí mé ag léigheamh an leabhair A Vocabulary of the Dialects of Fanad and Glenvar, Co. Donegal le E. Evans agus chonnaic mé an rud suimiúil seo:-
"The following lexical items are shared with the East Ulster dialects: coinfheascar (Gl.) 'evening', corruí 'anger'¹, cosnú 'earning', frithir (Gl.) 'sore', gearrán (Gl.) 'horse' (as opposed to 'mare'), gogán¹ 'wooden vessel', go seadh 'yet'.
1 Also current in most parts of Donegal [H.W.]
Chuir seo mé a smaoitiú ar fhocla Thoraighe, agus mar sin chuartaigh mé na focla céadna i bhfoclóir Thoraighe (anns an leabhar A Phonetic Study of the Irish of Tory Island le Hamilton). Is dóigh go bhfuil focla eile ó Oirthear Uladh le cluinstin in dToraigh, agus níl mé eolach go maith ar an ábhar ach seo iomlán a bhfuair mé:
corraighe: [tɑ kɔri ɛr´] - he is angry - [tɑ ʃe ə 'gɔri l´ʌm] - he is angry with me
cosnamh, cosnadh: [kɔsNu] - earning; see cosain*; unline Gort-an-Choirce where saothrughadh is the common word for earning
gearrán: [g´aRɑn] - a castrated horse, donkey .i. chan ionann seo agus an ciall Oirthear Uladh
gogán: [gʌgɑn] - a wooden dish; [tɑ ʃe ɛ gʌgɑn ə 'f´ʌNtə, 'f´ïNtə] - he is dying
*cosain: [xɔsəN´ ʃɛ] - it cost; vb.n. [kɔsNu] .i. cosnú/cosnamh/cosnadh
Chan mórán seo ach bhí mé ag deanamh go mb'fhéidir go mbeadh suim ag duine éigin ann agus mar sin chuir mé annseo é. Nuair a bheas mé níos eolaighe ar chainteanna Oirthear Uladh is dóigh go mbeidh mé ábalta níos mó focla a fháil agus a gcur annseo. Má tá focla suimiúla eile ag duine ar bith cuir anns na comments iad!
Comments
Post a Comment