Taifeadtaí Phroinnsias Uí Chonluain (Siúlach Scéalach 1/06/2014)

Tá cupla taifead as Toraigh anseo:

Úir nó Créafóg Thoraí

"Séamus Uilliam MacRuairí agus Willie Ó Dubhgáin ag cur síos ar úir nó créafóg Thoraí agus scéalta acu fán dóigh a shabháileann sí iascairí ar an fharraige agus mar a dhibríonn sí luchóga móra as tithe. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1956 ar an oileán."

GABH CHUN NA TRAS-SCRÍBHINNE

Hughie Dixon, Toraí.

"Hughie Dixon ó Thoraí ag déanamh cur síos ar ribeadh éanacha i dToraigh do Phroinsias Ó Conluain sa bhliain 1956."

GABH CHUN NA TRAS-SCRÍBHINNE

Dónall MacRuairí

"Dónall MacRuairí ó Thoraí ag déanamh cur síos ar an dóigh le curach a dhéanamh do Phroinsias Ó Conluain ar an oileán sa bhliain 1956."

GABH CHUN NA TRAS-SCRÍBHINNE

Jimmy Dixon, Toraigh

"Jimmy Dixon ó Oileán Thoraí ag cur síos do Phroinsias Ó Conluain ar chaitheamh aimsire agus cúrsaí iascaireachta i dToraigh sa bhliain 1956."

GABH CHUN NA TRAS-SCRÍBHINNE

An tAthair Eoghan Ó Colm

"An tAthair Eoghan Ó Colm a bhí ina sheiplíneach i dToraigh ag an am ag ceol amhrán fá Radio Éireann ag cruinniú seanchais agus mar sin don radio. Tá Proinsias Ó Conluain agus an t-innealtóir fuaime Ned Nugent luaite san amhrán."

GABH CHUN NA TRAS-SCRÍBHINNE


Úir nó Créafóg Thoraí


Hughie Dixon
0.24 Hughie:
Bhail, bá ghnách sa t-seanam, agus is é an gléas a bhí acu insa t-seanam fá choinne [?] ar éanacha, mar a déarfá fá choinne úsáid a [?] daofa i rith an gheimhridh, ba ghnách éanacha a [?] insan oidhche. Agus bhí slait acu, agus fuair siad ribe amuigh ar bharr an t-slait. Ach ansin, [?] siad síos go dtí na laftáin mhóra seo: an áit a bhfuil na h-éanacha thíos anseo san oidhche ar an uaigneas...? [1.04] agus dá mbeadh míle éan ar [an? aon?] laftán amháin, thiocfadh [achan chionn acu a fháil...fáil bháis?] an áit uile go léir.

Proinsias:
Bhail, c'ainm a bheir siad ar an obair sin?

H:
Tá "ribeadh"; "ribeadh éanacha". "Ribeadh". Sin an Ghaedhilg atá againn air sin: "ribeadh éanacha"...

1.31 P:
Goidé fá na coiníní, a Hugh?

H:
Bhail uair, chan [fh...?] coiníní ar chor ar bith. Mar a déarfá, san am [níos faide...? nó ? an tír mór nó anseo.] Agus, bhí siad ag marbhadh na gcoinín agus ag sábháil na gcraicinne agus ag [díol? thíos leis an...?] sa t-seanam. Agus [ghlacadh an tiarna?] na craicinne, in áit airgid fá choinne na cíos a dhíol insa t-sea - am a chuaigh thart.

P:
Bhail, níl cíos ar bith anois ann, an bhfuil?

H:
Níl cíos ar bith ann- Níl cíos ar bith anois ann. Ann- Maram ceithre fichead bliain ó shoin- O, thaire cheithre fichead bliain ó shoin. An t-am a cailleadh an Wasp...[?]... airm na Sasanach. Is insan am sin - tá ceithre fichead bliain ó shoin - bhí siad abálta déanamh [?] le [?] na Sasanach anseo. Agus rinn siad [ar shiúl?] leis[...?] Agus d'fhág sin Toraigh mar atá sé go fóill. Agus tá súil agam go mbeidh sé mar sin achoidhche.

I:
Maith thú, a Hughie!

thaire cheithre fichead bliain ó shoin [hɛr´ə x´ɛr´ə fix´əd b´l´iɑn´ ɔ hïn´] more than 80 years ago




Dónall MacRuairí


Jimmy Dixon, Toraigh


An tAthair Eoghan Ó Colm

Comments

Popular Posts