Clár: Comhrá S1 E25 - Pól Mac Ruairí

 Ghní Pól Mac Ruairí comhrádh le Máirtín Tom Sheáinín.

 

3.08 - MTS:

Céad fáilte as Oileán Thoraighe, a Phóil

Pól:
Go rabh céad míle maith agad, a Mháirtín

M:
Cén uair, ós ag caint ar an gceól muid, a fuair tú do chéad “bhocsa”, mar a deireann sib héin leis an mbosca ceoil

P:
eh, bliain déag do aois a bhí mé, nuair a fuair mé an chéad bhocsa. agus, eh, deich phingin agus dhá phunt a bhí sé. Dhá phunt agus deich scillingne – sin sa sean-airgead. Agus, euh, cha rabh fhios agam - bhí dúil agam insa bhocsa, agus dúr’ mé le m’athair lá amháin, gur cheart dó fichead le bocsa a fháil dom. Nó an meloideon mar a deir mé, agus fuair seisean dom. Agus, eh, bhí mé thart fá seachtain, eh, ag foghlaim. Cha rabh sé - cha rabh mé dhá - t[r]í oidhche go rabh mé [ab]álta port a bhaint amach. Agus ansin, ó phort go port, bhí mé ag coinneáil leis i gcómhnaidhe – tá’s agat an dóigh – agus cha rabh mé i bhfad gur fhoghlaim mé, tá’s agad. Ná, mar an gcéadna, bhí neart ceoltóirí ar an oileán san am chéadna.[4.05] Is cuimhin liom fear amháin a tháinig [ag a sé in oidhche…?] Fuair mé an bocsa - fuair m’athair síos aige (go ndeánaidh Dia [a mhaoin air?]) fear a rabh Seán Mac Ruaidhrí air… ‘s ceóltóir den scoith [sgəih], den t-seandream, tháinig sé aníos, agus-

M:
An rabh aon cheol foghlamta’d sula bhfuair... an t-athair dhuit...

P:
Goidé?

M:
Ní rabh ceol ar bith a'd roimhe sin, nó go bhfuair tú an bosca sin?

P:
Ó, cha rabh, cha rabh [ach oidhche?] ag foghlaim.

M:
Seadh.

P:
Ag dhu- ag dhul a fhoghlaim.

M:
Ag dhul a fhoghlaim.

P:
Nó cha dtiocfadh leat a fháil [ciotach?]. Bhí neart ceoltóirí ar an oileán agus bheinn-se ag éisteacht leo agus bheinn ag tógáil na portaidheacht le mo [chluais?].

M:
Seadh.

P:
[Cha rabh a'n teaghasc ariamh ar an gceol ar an oileán????].

M:
Bhí cluais mhaith ceol agad?

P:
Ó bhí cluais [dheas?] ceoil agam. Agus tá go fóill.

M:
Tá!

P:
Is breagh liom ag éisteacht le ceol iontach- just- tá's agad.

M:
Seadh.

P:
Seadh.

M:
An gcasann tú go leor ceoil anns na laethantaí sin- [?] an gcasann?

P:
Bhail- eh- chan aithneam an oiread agus ba ghnáthach liom. Sa samhradh síos ar an oileán rinn mé neart- [ní ? ] thuas- thuas sa chathair annsin. Ach cha- chan aithneam an oiread agus ba ghnáthach liom. Sa samhradh thíos ar an oileán...

Comments

Popular Posts