Clár: Ar Bhealach na Gaeltachta S2 E3
Bheir Conall Ó Máirtín cuairt ar oileán Thoraighe.
25.11 - Antoin Ó Mianáin:
Ó, tá neart, tá's agat, tá an traonach againn, agus anseo, na - éanacha breaca, nó mar a deir muinntir ar an tír mór, deir siad na puffin, but éanacha breaca a deireann muinne [=muidne] astoigh ar an oileán anseo. Tá, má tchíonn tú anseo, tá thaire mhíle éan breac anseo, ag déanamh a nead anseo. Sa gheimhreadh caithfidh siad [?] céadtaí míltí ó thuaidh. Aoine Chéasta, [tiocfaidh siad isteach fá choinne?] na poill a ghlanadh anseo fá choinne nead a dhéanamh.
Conall:
Agus, cad chuige an oileáin seo, cad chuige go dtagann siad anseo, y'know, chun neadacha a cruthú?
A:
Tá sé suaimhneach, agus, tá foscadh ar dóigh anseo, tá beanna ard- Níl sé- Níl sé furast ag daoiní [a dhul?] fáil síos ná [a dhul?] i gcóir, is tá suaimhneas ar dóigh acu, agus- [?] tú thiar ar an oileán, níl [?] ag déanamh nead, of course, tá sé- eh- teach an t-solais, níl aird ar bith nó foscadh ar bith ann, tá's, so seo, ag an Tór Mór, thuas anseo, is mó a dhéanann siad neadracha.
C:
Agus, goidé mar a chuir tú fhéin spéis in éanacha ar dtús?
A:
Insan traonach [?], an chéad éan ar chuir mé spéis- of course, [thiocfadh sé?] i Mí an Aibreáin. Tugann an traonach anseo i Mí an Aibreáin, is [cuireann sé?] an chéad scairt ar an fichiú lá den Aibreán. Agus, chonna' mé [=chonnaic mé], bl- bliantaí, chonna' mé, [nílthear-?] daoiní ag cur an talamh an dóigh a [?]. Níl coirc is préataí ann [?] a thiocfadh leis an traonach a dhul isteach ann. So- [?] mé rud beag cruaidhe daofa agus [fuaigh?] mé ag iarraidh coirc, giotaí cúlfháidh agus cur foscaidh ag iarraidh cúlfháidh a fhás. Of course, luath sa bhliain, níl mórán ag fás ann, agus bhí an samhradh seo iontach olc ar fad, tá's. Dhéanamsa rud beag oibre do- uh- grúpa Birdwatch Ireland, tá's. Cuireamaid [=cuireann muid] síos rud beag cúlfháidh fá choinne [?... traonach a dhul?] isteach ann. Sin an dóigh, creideam, a dtug mé suim, insna éanach ar dtús, tá's.
C:
Agus, ar shíl daoiní eile, muinntir an oileáin, go rabh tú ar mire, an fear seo a dhul amach, ag coimheád éanacha, agus ag iarraidh, bhfuil fhios agat, áiteanna a [cruthú?] dóibh?
A:
B'fhéidir gur- B'fhéidir gur seandaoiní go fóill, tá's, nuair a tchí siad mé a dhul thart, but, d- tá neart- deireadh- ag deireadh an t-samhraidh tá neart daoiní [?]...
traonach [trE:nɑ] - corncrake
éan breac [E:n b´r´ak] - puffin, pl. éanacha breaca [anəha b´r´akə]
muinne [mïN´ə] - we, us (emphatic)
cúlfháidh [cʌl'ɑ:i]
Comments
Post a Comment